School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Location:
Chapeltown, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó hAiniféin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 191

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 191

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
  2. XML Page 191
  3. XML “Roinn na Teangan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ó Seán Ó Súilleabháin go raibh comhnuighe air i mBaile-na-hEagloise in aice na Scoile seo a fuaireas na giotaí beaga so sa bhliadhain 1920. Bhí sé 73 bliadhna fé'n am san agus cailleadh é 12 bliadhna ó shoin. Ní raibh sé in ann sgríobhadh ná leigheamh ach bhí Gaodhlinn bhriste aige.

    (a)
    "Addition a chealg thú is a chráidh do chroidhe
    Addition a leanfaidh thú go raghair 'an Chill
    B'usa liom an Mhucallach a thabhairt i dtír
    Ná Addition a chur ceangailte id mháinléad cinn."
    Sean-mháighistir scoile in Árd-Fheorta a raibh dalta dúr á mhúineadh aige a cheap an ruacán san do, a dubhairt sé liom. Carraig mhór árd amuigh sa bhágh annso, seadh an Mhucallach.

    (b)
    Tosach long clár
    Tosach átha clocha
    Tosach Flatha Fáilte
    Tosach sláinte codhladh
    Deire long í bháthadh
    Deire atha í losgadh
    Deire flatha cómeadh (?)
    Deire sláinte osna

    (c)
    Ó raghaimíd ag ól is a' pógodh na mban
    Ó raghaimí ag ól is a' rinnce le ceól
    Is is breagh bheith ag ól
    Is a pógadh na mban.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Míchéal Ó hAiniféin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Seán Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Chapeltown, Co. Kerry