Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Suíomh:
- Chapeltown, Co. Kerry
- Múinteoir: Mícheál Ó hAiniféin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 245
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) An t-Seamróg a fhághail agus é brughadh agus é bheirbhiú i dteannta "Candy" (misleán) tá sé ráidhte go bhfuil so go h-iongantach chun casachtach san ucht (Wheeziness) a ghlanadh.
2) Meacon-tá-h-Abha (Hemlock) a fhághail (an preumh) agus é róstadh ar an dteine agus é chur le nioscóid a bhíodh i muinéal duine - leigheasann sé láithreach é. Piast nó cnumh a bhíonn sa cnapan a deir sí liom agus marbhuigheann an meacan rósta é.Acht tá so ann. Caithfidh an té go bhfuil an muinéal tirm aige dul amach an fhaid is abheidh an meacan dá róstadh agus gan teacht isteach nó go nglaodhfar air agus annsan an (?) a bhualadh ar a mhuinéal cómh tapaig in Éirinn is is féidir é agus sin leighiste é.Cuirtear amach é an dtuigeann tú ar eagla go bhfaigheadh an cnumh bolath an mheacain agus go n-aistreóchadh sé agus ní eireóchadh leis an leigheas annsan.Connaic sí féin an leigheas so á dheanam ar dhuine mhuinnteara léi.
3. An t-Eidhneán a cheangal le chéile i bhfuirm coipín agus é róstadh ós cionn na teine agus é bualadh anuas ar cheann duine go mbeadh ceann tinn aige - ceann salach is dócha - leigheasann sé go cinnte é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Míchéal Ó hAinféin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tralee, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Pháircéir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Listrim, Co. Kerry