School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Location:
- Chapeltown, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó hAiniféin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an bheirt ban ag deunamh an turas ann. Tá a lán "Tobar na gCeann" ar fuaid na hÉireann dar ndóigh agus i dtaobh fath na h-aimne tá dhá innsint ar an sgeul.Deirtear liom gurbé cúis na h-aimne seo air ná an tobar so a bheith go h-iongantach chun aon ghalar a bhain leis an gceann do leigheas agus chuige sin amháin a thagaidís chun an tobair seo.An dara fáth ná gurbh amhlaidh a chuaidh triúr fear fé dhéin an tobair Oidhche Nodlag ag súil le fíon a dheunamh den uisge agus ná feacathas díobh air maidin ach na cinn agus iad istig sa tobar.Is deárbhataighe an céad sgeul.Níl aon eólas in aochor[?] ag an dream a tá eirighthe suas anois i dtaobh an tobair seo a bheith in aice leó.Tá ar thaobh an bhothair anois lasmuig den áit a raibh an tobar sean-choidéul a deineadh 1900 don Uachtarlann ach ní feudfaí fhagháil as riamh ach uisge salach agus b'éigin an cadéal a thabhairt suas. Ghaibh fear an treó lá agus iad á shunncáil agus dubhairt sé leó dá faighfí uisge as de brígh gur tobar beannuighthe a bhí laistig de Chlaidhe.
"Á" ars an té a bhí i mbun na h-oibre "Is fada uaidh a choméadfainn dá mbeadh fhios agam gur tobar beannuighthe a bhí ann."
Tá an coidéal diomháoin gan mhaith riamh ó shoin fé rud ba bhun leis.(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó hAiniféin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tralee, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Pháircéir
- Other names
- Bean Uí Pháircéir
- Brigid Ní Dhúnlaing
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Listrim, Co. Kerry