Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Suíomh:
Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó hAiniféin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 231

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
  2. XML Leathanach 231
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuaireas an Cúntas so thíos agus a lán eile ó Bhean Uí Pháircéir - née Brighid Ní Dhúnlaing a mhaireann fós go láidir i Liostrim. Do rugadh í 1862.

    TOBAR na gCEANN
    Tá an tobar so suidhte ar thaobh an bhóthair i Liostrim ag an gcrosaire a mbuaileann bóthar Lios-a-Dabhaig agus bóthar anuas ó Screathan le chéile ag Bun Cathair Áirde. Bhí an tobar laistig de claidhe an bhóthair ach níl le feiscint ann anois ach poll nó log sa talamh mar a raibh sé i bpáirc le Eóin Páircéir. Deir Bean Uí Pháircéir liom gurbhé a sean-athair fhéin a dhún an tobar toisg go raibh sé trim an uair sin mar gur dhein Billy Denny an talamh maite (?) leis a dhreineáil agus gur thriomaig san an tobar. Deir sí liom tréis í féin do phosadh nuair a bhí a fear féin ag dul ar aonach much go luath ar maidin go bhfaca sé bheirt bhan ar a nglúnaib laistig ag an tobar agus ná feaca sé aoinne riamh ó shoin ag teacht ann. Níl ceirt ná cros ná comhórtha eile le feiscint indiu cun a theasbáint go ndeintí turas ann -ach tá siad go léir cinnte go ndeintí an turas ann in allóid. Níl ach dachad bliadhain ó shoin ann ó bfeacha Eóin Paircéir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó hAiniféin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Trá Lí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Pháircéir
    Ainmneacha eile
    Bean Uí Pháircéir
    Brigid Ní Dhúnlaing
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    Lios Troim, Co. Chiarraí