School: Clochán (roll number 14987)

Location:
Cloghane, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin

Filter stories

Back
/ 152 Forward
Resolution: Low | High
Imirt Peile

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0428, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Do bhí cluiche peile i mBaile Dhubh ar an ceatarmhadh lá de Márta ochtdeug ochtmhó ocht. Fuireann Lios na Caol Bhuidhe agus fuireann Abha Caisle a bhí ag imirt ann. Do bhí sgata mór daoine sa pháirc ag feucaint ar an gcluiche. Siad fuireann Lios na Caol Bhuidhe a bhuaidh an cluiche sa deire agus deineadh amhrán fada gá moladh.

Do bhí an craobh ag fuireann Lios na Caol Bhuidhe as san amach. Siad na bogha a bhíodh aca fadó ná dhá bhataí sáidhte san cré no dhá cloich. Sé an rud a thosnuig peil ar dtúis ná, bhíodh na daoine idiarraidh an liathróid a caitheamh ó baile go baile féucaint cad é an fear a cuirfheadh an slighe ba fhada é. Annsan thosnúigheadair ar peile agus bhíodh cluiche idir gach dhá bhaile gach Domhnach bréagh sa t-Samhradh.

Cáit Ní Mhuirchearthaig
Mullach Bhéal
Clochán
Caisleán Ghriaghaire

Fuaras ó Padruig Ua Mhuirchearthaigh

Fuaras ó

Collector
Cáit Ní Mhuirchearthaig
Gender
female
Address
Mullaghveal, Co. Kerry
Informant
Padruig Ua Muircheartaig
Gender
male
Age
47
Language
Irish