School: An Bloscaod Mór

Location:
Great Blasket Island, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 230 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

CROS BHRÍGHID

Deintear í seo do chúpla léás choirce. Chuirtear anaírde fé beimbéal an tighe í.

Language
Irish

CRIS BHRÍGHID

Do dheineadh na daoine an cris seo Lá 'le Bhrighid in onóir dí
Gach rud a bhíodh ar Bhríghid bhíodh sé déanta de thuighe breágh buidhe. Nuair a bhí Heróid ag marbhú na leanbaí, bhí sé ag faire ar an Maighdean Muire, chun an leanbh Íosa a mharbhú. Sí Brighid beannuighthe a saor an uair sin é. Dhéin sí cluith de thuighe agus hata mór árd. Chuir sí coinnle ar lasadh na bárr. Do cheap gach aoinne gur ait a bhí sí agus leanaig gach aoinne í. Is mar sin a shaor sí é.

Bhíodh sé ráidhthe, gréim ná tinneas a bhuailfheadh daoine idir dá Bealtaine ná

(continues on next page)