School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 017
  3. XML “An Doineann”
  4. XML “An Triomacht Mór”
  5. XML “Toirneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall leath chéad bliadhan ó shoin san Nodhlaig tháinig triomacht millteach. Ní geabhfá braon uisge dá dtabharfá do bheathadh air. Bhí trí nú ceathair de toibaireacha ann agus thriomuigheadar suas. Do chaitheadh (seana) mná agus fearaibh dul le na mbucaidí dá mhíle ó bhaile go dtí tobar nár triomuig riamh .i. tobar an "Buailteóra" chun biadh na Nodhlag a d'ollmhú. Do bhí an féar iompuighthe ruadh air na cnoic agus é iompuighthe bán air na páirceanna - gach rud spallta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ceathair nú cúig de bhliadhanta ó shoin bhí an aimsir go h-aoibhínn. Ba mór an seó an brothall.
    Lá amháin tháinig an doircheacht, do dhuibh na tighthe, do dhuibh an áit, do dhuibh an domhan. Do chaitheadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. thunder and lightning (~109)
    Language
    Irish