Scoil: Leitir Mór

Suíomh:
Leitir Móir, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Mac Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Mór
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Buachaillín Deas Óg Mé”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Buachaillín deas óg mé
    Is buachaillín deas óg mé thug mór-ghean do mnaoí,
    Bím go siorruidhe i gcomnuidhe ag ceoltoirecht is ag gabhail fhuinn
    Dá mbéadh punt agan mo phóicín is an cíos a bheith le n-íoc,
    Ní fhágfainn teach an ósta go n-ólainn chuile phighinn.
    Anois ag tigheacht de’n fhágmhair tá súil agam le roinnt,
    Tá súil le cupla sgór agam nó beagán os a chionn.
    Tá fiacha go leór leór orm is níor ól mé ariamh aon phighinn
    Is nach olc an fear le pósadh mé gan bó agam ná laogh.
    Nach truagh gan mé mo chmnuihe in-aice le mo mhian,
    Dá mbeinnse i gceann an bhóirín nuair a bheadh sí ag dul síos;
    Tá píosa fada rómsa idir mé agus stór mo chroidhe,
    Is tá súil le Rí na glóire nach bhfuighe aon fhear uaim.
    Dá mbéadh sí liomsa pósta thógfadh sí mo chroidhe,
    Choinneóchadh sí ón ól mé is ní bhlasfainn g-aon deóir choidhche;
    Thógfadh sí gach ceó dhíom gach brón is briseadh croidhe,
    Is a Chríost nach deas an tógáil í stóirín geal mo chroidhe.
    Is é dubhairt mo dheaidí liomsa a dul ag tóruigheacht mnaoi,
    Lean is cupla bó fhághail is begán de’n ór buidhe;
    Is go bh’fearr liom féin go mór mór beith macánta ciúin mín
    Na Cailín gan aon éolas a bhéadh ag ceóltóireacht is ag gabhail fhuinn.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Confhaola
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Sheósamh Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Máimín, Co. Galway