Scoil: Leitir Mór

Suíomh:
Leitir Móir, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Mac Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Mór
  2. XML Leathanach 208
  3. XML “Amhrán na Trá Báine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán na Tráighe Báine
    Mo mhíle slán le Éirinn is breágh an rud é an t-Earrach féin
    Ní bhíodh cainnt ar obair bosannaí ná rud ar bith mar é.
    Seal ag tarraingt fheamainne cur fataí is ag baint fhéir,
    Is ní raibh fear ar bith dhá bhoichte nach raibh feilm aige féin.
    Mo bheannacht leis an teach úd na mbíodh an t-aos óg cruinn,
    A mbíodh mo cheathrar dreabhthar ann ag déanamh greann is spraoi.
    A Ḋhia nach bocht an cás dom é gan a fhághail filleadh choidhche
    Sin dfág m-intinn buadhartha is an ghruaig ag tuitim díom.
    Nuair a bhí teach agamsa farior níor fhan mé ann,
    Anois atá sé sgaipthe uaim gan blas ar bith dhá bhárr.
    An fear a coinneóchadh ceart dom é céad farior fuair sé bás,
    Ach a dhreabhthair ó mo bheannacht leat do chliabhain atá in t-áit.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Confhaola
    Inscne
    Fireann