Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bliadhain de'n taca seo seadh déanadh an creachadh,
Ní hé amaín ar Gaillimh ach ar chuile thír,
Nuair sgiob an bás uainn an sean-fear áluinn
Máirtín mór a bhí na T.D.
Nuair a chuaidh an sgéal brónach seo ar fud na h-aíte,
Bhí iseal is uasal i ndólás faoí,
Mar bhí a gcaraid caíllte do dthiocfadh láim,
Ins gach cruadh chás dá dteighidís thríd.
Bhí an Dochtúr Mícheál ann is é go buaradh cráidhte
Is a dhreabhthair Tomás is beag nár bris a chroidhe,
Bhí Máire Ní Mháille an óig bhean uasal,
Is le cúmha in-dhiaidh Máirtín ní mhairfidh sí.
Tógadh amach é tráthnóna Domhnaigh,
As an bpálás áluinn in áit a chaith sé a shaoghal
D'fág se a dhreabhthair go brónach cráidhte
Ní indiu ná amaíreach ach ar feadh a shaoghail.
Lár na bhárach bhí Aifreann árd air,
Bhí an séipéal lán is é dul thar maoil,
Bhí íseal is uasal as chuile cheaírd ann,
Ó fhear an bháinín go dtí an T.D.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann