School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)spéir. B'uathbhasach an oidhche í. Dia idir sinn agus an anachain.Stad an damhsa - sheas ceathrar fear - na fir ba laídre san sgioból - i gcoinne an dorais ar eagla go sgiobhfadh an ghaoth léithi é. Ghabh na mná agus na cailíní síos ar a nglúnaibh agus bhíodar ag guidhe chun Dé iad a thabhairt slán as an ngábhadh. Chaitheadar an oidhche mar sin - iad ar chrith le h-eagla agus cuid aca ag silt na ndeór. "Dá fhaidé an lá tagann an oidhche", agus le breacadh an lae bhí athrúghadh ann - bhí an ghaoth ag laghdúghadh.
Seo cúpla líne a cumadh in a dhiaidh:-
"Oidhche an Dómhnaigh ar a deich
A d'éirigh an ghaoth in áirde
An ghaoth ba laídre d'ár séideadh riamh
Thar timcheall na cruinne mí-adhmhaire
(II)(continues on next page)