School: Maol Raithnighe
- Location:
- Mallaranny, Co. Mayo
- Teacher: An tSiúr Philomena
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol Raithnighe
- XML Page 106
- XML “An tÉan Glas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an bheirt dearbhráthair ag leigint ortha féin gurb íad féin a gnóthuigh an cailín. Bhíodar ag íarraidh í a mhealladh go bhpósfadh sí ceann aca, ach dubhairt sí nach bhpósfadh sí go mbeadh sí lá 'gus bliadain i gcúirt an Ríogh.
Chasadh gioran eile ar an mbuachaill a fágadh fa'n talamh 'gus d'innis sé dó go mbeadh sé ag siubhal lá 'gus bliadhain eile 'gus go dtiocfadh se ar a theach féin fe dheireadh.
Bhí an buachaill bocht ag taistil 'gus ag siubhal roimhe 'gus nuair a bhí an bliadain 'gus an lá go díreach caithte tháinig sé go dtí a theach fhéin. Nuair a chuaidh sé isteach, bhi an cailín ag cur ceisteanna ar an mbeirt eile. D'fhíafruigh sí díobh cé an obair a chuir a h-athair ortha. Ní raibh fhios aca. Bhíodar in a dtost, ach d'fhreagair an buachaill eile 'gus d'innis sé an sgéal uilig dóibh.
Phós sí an buachaill óg annsin 'gus mhaireadar go sona sásta 'gus ar seisean:-
“Fuair síad-san an t-sruthán,
Fuair mise an clochán,
Bathadh íad-san, 'gus
Tháinic mise slan”