School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 453
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí rí ann agus bhí trí ingheannacha aige. Bhí sé pósta an dara uair agus bhí inghean amháin aici.”
(continued from previous page)iad a cur a garnán cloch a bhí taobh amuigh d’en teach. Lá amháin d’imthigh deireadh un Aifrinn d’fág siad spunóg de gach seort agus diarr siad uirthi breicfeasta deas a bheith réidh aici nuair a thiocfadh siad na bhaile. Nuair a d’imthigh siad tháinig an caora dubh isteach ar trí cosa. Díarr sí ar an chailín tábla deas a thogailt amach as a chluais dheas. Rinne an cailín seo. Thug an caora dubh culaith iongantach deas duithi agus bróga airgid. Nuair a tháinig na daoine eile na bhaile d’fhiafruigh sí dí an bhfaca siad rud iongantach ar bith indiu. Dubhairt siad ní fhacaid sinne rud ar bith ach giorrsach iongantach deas agus culaith síoda agus bróga airgid uirthi. D’imthigh siad un Aifrinn an dara lá agus rinne an caora dubh an chleas céadna. An tríomhadh mhaidin rinne an caora dubh an cleas céadhna. Ach an lá seo bhí prionnsa ag fanacht léithe dul isteach agus tharraing sé bróg dí annsin, bhí sé ag dul thart go bhfeiceadh sé cé d’fóireadh an bhróg do. Tháinig sé go dtí an teach seo go bhfeicfeadh sé an dtiocfadh le duine ar bhith an bhróg a chur uirthi. Tháinig an chéad bhean agus ní raibh sí ábalta é a chur uirthi. Thug sé go dtí crann í. Dubhairt sé. Pioc sméar” Ith sméar agus tabhair sméar leat. Ní phiocfaidh mé sméar ní ithfidh mé sméar agus ní thabharfaidh mé an cheann liom. Bhal níl maith ar bith innid damhsa arsa an fear. D’imthigh an fear go dtí an teach. Thug sé leis an dara ghiorrsach, ní rabh sise ábalta an bhróg a chur uirthi ach oiread. Thug sé leis í go dtí an chrann dubhairt sé léithe pioc sméar, ith sméar agus tabhair ceann leat ní dhéanfaidh mé ceachtar aca arsa an cailín. Thug sé leis an cailín eile. Thosuigh sise ag baint na laidhreach duithi fhéin ach(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic na Midhe
- Gender
- Female