School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 448

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 448

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 448
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Ins an tsean am bhí iasgaire bocht dar b'ainm Séamus Ua Frighill 'na chomhnuidhe ins na Rosaibh i gConndae Dhúin-na-nGall.

    (continued from previous page)
    dóigh a chaith sé an t-Samhradh. Do bhí oidhche Nodhlag eile ag teacht anois. An oidhche Nodhlag seo chuaidh Páidín síos go dtí an fhairrge. Chaith sé tamall beag ag siubhal ar an chladach. Sa deireadh tháinig sé rud ann teacht leath mhíle amach ar an fhairrge. Bhí sé ag teacht níos comhgarach. Tháinig eagla ar Pháidín agus d’imthigh sé i bhfolach. Sa deireadh tháinig an curach go tráigh. Ní rabh ann ach beirt fhear. Do thugadar isteach na chomhrain a bhí leóbhtha agus d’fágadar slat ón áit a rabh Páidín. Do shuidh an bheirt annsin ar mhullach an chomhrainn agus thosuigh siad ag cainnt. Bhí an oidhche ciúin agus mhothuigh Páidín achan rud a bhí siad ag radh. Dubhairt fear amháin aca. “Bliadhain as an oidhche seo i mharbh sinne Séamús Uí Frighill. Tá an t-am againn a bheith ag imtheacht arsa an fear eile. Chuir siad na comhrainn a bhfolach agus d’imthigh siad. Dimthigh Páidín na bhaile annsin. Níor innis sé rud ar bith do na mháthair, ach i lár an mheadhon oidhche nuair a bhí a mháthair na chodhladh thug Páidín leis casúr agus mála agus chuaidh sé go dtí an áit a rabh na chomhrainn i bhfalach. Bhris sé na glasa leis an chasúr. Líon sé an mála le ór. Annsin d’amharc sé thart. Chonnaic sé an dá fhear céadna a chonnaic sé an oidhche roimh sin ag teacht aige. Ní fhacaidh siad Páidin nó bhí an oidhche comh dorcha le poll mónadh. Leag Páidín osna as tháinig eagla ar an dá fhear, annsin chuir Páidín béic brónach as a mhusglóchadh na marbh. Dubhairt sé is mise spiorad an fhir bhocht a mharbh sibh anuraidh. D’imthigh an dá fhear ag béicfigh. Thuit fear aca ar carraigh agus briseadh a mhuineál. Dimthigh an fear eile mar an ghaoith agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Nic Néill
    Gender
    Female