School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 445
- XML “Tobar na nAingeal i bParóiste Ghleann Fhinne”
- XML “Paidir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an tobar seo thall i mBaile Chiarragain. Tá na cnuic thart ar uilig, agus dá mbeitheá annsin ag dul ó sholus do bhéadh eagla ort thaibhre na cnuic atá thart air. Deir na sean-daoine go rabh sagart ag leigheamh Aifrinn annseo in aimsir na Pionamhla. Bhí fir ag coimhead agus i lár an Aifrinn chonnaic siad na cótái dearga ag bárr cnuic na h-Áilte Peiste. D'imthigh na daoine a bhí ag Aifrinn uilig ach seisear no seachtar. Tháinig na saighdiuirí ach ní thiocfadh leobhtha rud ar bith a fheicéal. Deirtear gur chuir na h-Aingle sgáth ortha. Roimh lá Béaltaine téidh daoine annsin le turas a dhéanamh. Théidh siad thart seacht n-uaire fan tobar ag rádh deichnear d'en pháidrín gach uair.
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Pádraig Mac Ailin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir