School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sé nadurtha ag an ait in a raibh an da abhainn ag teacht le chéile gó ndeanfadh na daoine a sgríste. Chuaidh síad trasna an dá abhainn i mbadaíbh agus rinne na fir ar leó na bádaí an-airgead. Bhí bruacha an Lagain iontach maith le bádaí a cheanngladh agus sabhailte o'n stoirim agus o'n aimsir.Deirigh abhann an Fharsaidhe cómhgarach de "Lag ó Neill" ( Ligoneil) Sheol sí leithe go suaimneach as an ait in a bhfuil sráid an tSean-Cille anois. (Shankill Rd) i dtreó Pairc an Mhuilinn" (Millfield) anois. Síos thart ag Casan an Bhainnc (Bank Lane) trasna "Ait an Caisleain" (Castle Place) síos Bothar Árd (High St) go dtí an Lagan.Ins an am sin bhí sí ag sileadh fríd pairceannaí, ach tá na sraideannaí atá lúaite thuas tógtha orthú anois. Sá deireadh d'eirigh toighthe suas ag an ait in a dtainic an Fhearsad agus an Lagan i gcuideachta (?). D'eirigh an tráchtal ní b'féárr, agus d'eirigh na toighthe níos fairsinge. Nuair a thainic na Plantalaidhe bhí trachtal iontach ag dul ar aghaidh. Rinne na daoine an t-am sin úsaid as uisge na Fearsaidhe le na(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Mac Ailin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir