(continued from previous page)
na dhiaidh na baile, acht nuair a fuair an madadh ruadh an fear ar siubhal, léim sé amach as an bocsa agus d’ith sé na h-uibheacha uilig, agus ar siubhal leis méid a bhí ina corp ag tarraingt ar an uadhach. Bhí luthghair mór ar an fear as siocar go rabh an madádh ruadh marbh aige mar síl sé, agus bhí sé a innse dó gach duine a gcasfaidhe air go raibh an madadh ruadh marbh, agus nach mbéadh trioblóid air bith leis feasta, acht bhí an madadh ruadh lán ghasta aige. Nuair a tháinig sé go dtí an áith ar fhág sé an madadh istigh ins an bocsa, ní rabh madadh nó uibheacha ar bith ann. Ní rabh ann acht an bocsa folamh. Bhí an madadh ruadh ar siubhal agus na h-uibheacha ithte aige, acht ní rabh fhios aige-san sin.