Sgeal Fá dtaoibh de bheirt fhear.
Bhí beirt fhear ag siubhal an bealach mór amháin (amháin) agus chonnaic siad sgilling d’iarr Sleán ar Sheamus an sgilling a thogail ach ní togfadh Seamús an sgilling.
Thóg Seán é féin í agus d’imthigh an beirt leobhtha go dtáinig siad go dtí crois bhealach agus dubhairt Seán le Seamús go rabh seisean ag dul chun an bhaile mór.
Dimthigh Seán suas an baile mór agus S d’imthigh Seamús síos an baile agus nuair a bhí sé shíos giota agus (chonnaic) tháinig an oidhche air agus b’éigeann do luigh i dtom féir ní rabh sé i bhfad na luigh go mhothaigh sé sgaifte cait. Bhí na cait ag caint agus dubhairt ceann aca go rabh nigheann an Righ go h-olc indiu. cionnas mise ribe a fhághail ina a cuid bainne aréir.
Tá an bás aici indiu agus dheanfaidh duine ar bith biseach dí a bearfas buideal de’n uisge atá ins an tobar sin thall dithe.
Chualaidh Seamús an sgeála (i) seo agus d’éirigh sé thug leis buideál agus líon lán den uisge an tobar agus d’imthigh leis go dtí an Righ agus chuir ceist an dtacfadh leisean dul go dtí an cailín. Dubhairt an Righ go rabh dóctuirí go leór ann agus nach mbeádh seisean ábalta gach a deánamh ach fuair sé cead dul.
Cuaidh sé go dtí an cailín agus thug díthe cuid de’n uisge agus rinne sé bíseach díthe.
Phós sé fhéin agus an cailín agus bhí dóigh bhreágh
(continues on next page)