School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Seanchas

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 407

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear i Leac Chonaill darbh ainim Proinsias Mór O’Gallachobhair. Fuair sé bás fa Shamhain 1924. Bhí sé an mhaith ag snámh. Bhí fear eile na chomhnuidh i mBaile na Gaoithe i bpoinnte Luachrais, ar an taobh eile den chuan darbh ainim Domhnall Ó’Gallachobhair - “den Phaidí Ruaidh” - agus bhí sé na shnámhaidh chliste fosta.
Lá amháin shocair an bheirt go mbéadh fiachailt acu le fághail amach ce a b’fhearr mar shnámhaidh. Bhí an rása ó oilean Machaire go Méadail. Bhí Proinsias i dtoiseach agus cuma air go mbéadh sé in innimh snámh giota maith eile.
“Bhfuil do sháith agat anois?” arsa Proinsias. “Siubhail leat annseo”, arsa Domhnall, “Rachamuid go Ros beag!”.
“Rachaidh tú go h-ifreann” arsa Proinsias, ach ma theidheann níl mise dul do leanstan”.
Phill Proinsias annsin, agus bhí den sásta go leor pilleadh fosta, no bhí sé radh na dhiaidh sin go rabh sé chomhair a bheith sáruighthe amach, “ach” ar seisean smaoitigh mé go sgannrochainn Proinsias nuair a diarrfainn ar a theacht go Ros Beag”.
Tá an bheirt marbh le deic no da dhéag de bhliadhanta. Go ndeánaidh Dia trocaire orthu.

Collector
Séamus Mac Grianna
Gender
male
Language
Irish