School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 381

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 381

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 381
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá uaigh ar thaobh an chnuic os cionn an bhealaigh mhóir atá dul eadar Árd a Ratha agus Leac Chonaill ar a dtugtar “An Teannaidh Ruadh.” Bhí an uaigh seo na h-áit folaighe ag ceatharnach coilleadh ins an t-sean am.
    Ba ghnathach leis an cheatharnach coilleadh seo teacht fa thighthe Leac Chonaill san oidhche agus biadh a ghoid. Ghoideadh sé préataí, aran, im, bainne agus uibheacha. Bhí eagla ar na daoine roimhe.
    Ins an an sin, an chomhla a bhíodh ar gach teach, bhíodh sé déanta de shlatacha ar an nós a ndéantar cliabh. Bhí fear ina chomhnuidh i Leac Chonaill san am, agus bhí dearthair do i bPoinnte Luachrais. Rinn an bheirt deartharach suas go suidhfheadh siad san oidhche leis an cheatharnach coilleadh a choimhead. Shuidh.
    Thainic an ceatharnach coilleadh, agus d’ionnsuigh an bheirt air. Thug sé a sháith le déanadh den bheirt, agus d’imthigh sé orthu. Lá ar na mhárach leanadh stráid a chuid fola, agus fuarthas é marbh san uaigh ins “An Teannaidh Ruadh.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish
    Collector
    Crochur Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Pádraic Ó Gallachobhair
    Gender
    Male
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal