School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 396

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 396

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 396
  3. XML “Mar Tháinig an Mhaighdean Mhara go Leac Chonaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaidh fear de Chloinn Mhic Aoidh as Leac Chonaill go béil an bharra lá amháin le cruasach deileisc a bhaint, agus dornan crúbog a fhághail fosta. Nuair a bhí sé tamall ag cuartú fa na carraiceacha chonnaic sé ceathrar de mhaighdeana mára ag teacht isteach ar an tráigh, agus chaith siad tamall ag rinnce agus ag deánadh grinn ar an tráigh.
    Nuair a thainic siad amach as an uisge bhain gach maighdean acu dithe brath sróil a bhí thart ar a ceann, agus ar a h-éadan, agus d'fhág na luighe ar charraic é. Bhí siad cosamhail le cailíní saoghalta, acht go rabh siad an-doigheamhail. Bhí ghruag fhada chatach bhuidhe síos chomhair go talamh orthu.
    D'obair Mac Aoidh, i gan fhios dobhtha, thart go dtainic sé go dtí an charraic a rabh na brat sróil ortha, agus sgiob sé leis ceann de na brait. Ar ball rinn sé casachtach bheag. Chualaidh na maighdeana mára é, agus thainic mar bhéadh sgannradh orthu. Rith siad go dtí an charraic, sgiob gach bean acu léithe a brat sróil, chuach fa na ceann é, agus chuaidh de léim amach san lán mara.
    Ach bhí maighdean acu nach rabh brat ar bith fa na coinne, agus thoisigh sise na rith thart, agus ag sgreadaigh agus ag sgréachaigh mar bhéadh duine as a chéill ann. Annsin thainic Mac Aoidh un tosaigh. Dubhairt sí leis da ma abé thug leis a brat, a thabhairt arais dí, no nar bhfhéidir leithe fághail arais na bhaile gan é. Dubhairt MacAoidh leithe teacht na bhaile leisean agus go bpósfadh sé í. Agus go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Nic Grianna
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraic Ó Gallachobhair
    Gender
    Male
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal