School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 443

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 443

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 443
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lánamhain ann in am amháin, agus bhí seachtar mac acu. Bhí séisear do na mic a bhí umhal, déagh bhéasach agus faoi chomhairle agus stiúradh ag an athair agus ag an mhathair, ach an seachtadh mac, agus an fear ab óige, bhí sé dreabhlásach, mí stiúrthach agus ar a chomhairle féin, agus ní rabh gar nó tairbhe do'n athair a bheith da chomhairliú. Bhíodh a dhóigh féin aigesean. “Mac na Mí Chomhairle” a bheireadh an t-athair air. Ar an taobh eile, ba é an mac seo a ba mhó a raibh gradh agus gean ag an mhathair air.
    Bhí fear feasa ins an chomhursanacht a dtugtaí “An Sean Dall” mar ainm air. Chuaidh an t-athair chuig an tSean Dall le comhairle a iarraidh air fa caide ab fhearr a dheánadh le Mac na Míchomhairle. Dubhairt an Sean Dall leis muna bhfuigheadh sé réidtigh le Mac na Mí Chomhairle in am ghoirid go dtabhairfeadh sé náire agus sgannail mhór do i ndeireadh a shaoghail.
    Chuir an t-athair ceist air annsin caide an dóigh a b'fhearr le fághail réidtigh leis an fhear óg.
    “Tá,” arsa an Sean Dall, “téigh féin agus do sheachtar mac 'na coilleadh amárach a gheárradh adhmaid, agus bidhigidh cinnte a dhul isteach i ndoimhneacht na coilleadh. Sul a bhfágaidh sibh an choill le theacht na bhaile arais sáith tusa do sgian isteach i gcrann agus fág annsin í. Nuair a thiocfas am luighe agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Padraic Mac Eiteagáin
    Gender
    Male
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Fánaibh, Co. Donegal