School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 309

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 309

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 309
  3. XML “Amhrán ó Bhéal Eibhlín Bean Mhic Chonaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán ó Bhéal Eibhlín Bean Mhic Chonaill

    Tá mé mo shuidh ó d'éirigh an ghealach aréir...

    1. Amhran ó bhéal Eibhlín Bean Mhíc Chonaill.
    I
    Tá mé mo shuidh ó déirigh an ghealach aréir
    Ag cur teineadh síos ‘s da gríosadh ‘s da fadughadh go géar
    Tá bunadh an tigh na luighe a’s mise liom féin
    Na coiligh ag glaoidh ‘s an tír na gcodladh ach mé.
    II
    Ach a’s bé’n tól bhí cóta maith ar mo dhruim
    Stocaí a’s bróga a’s cró maith seasgair den chlann
    ‘S gurb iad na mná óga a mheabharaidh an tole in mo chionn
    ‘S da leigfinn féin dóbhtha ní dóiche go mbainfeadh siad liom.
    III
    ‘Mhuire ‘s a righ gan mé mar lach an chinn bháin
    Na mar éanacha na gcraobh, nó mar aghaidh na dtonna fan tráigh
    Mar in iúil le mac an roigh go direigfeadh fir eile le mná
    Go bhfuighinn se cead cainnte le plannta deas an tsliabh bháin
    IV
    A oganaigh bháin ní adhbhar magaidh duit mé
    Níl agat le radh ach amháin de go bhfuil mé gan spré
    Ní tusa mo ghradh ‘s go brath na h-abair gur mé
    Ma tá mé gan bólacht is feárr liom codladh liom féin.
    V
    Ceithre lá dhéag gan bhréig a chaith mé fan tsliabh
    Ag imirt ‘s ag ól le óig mhnaibh deasa fa shliabh
    Ma chaill mé mo stóir ní doiche gur chaill mé mo chiall
    Níor mhór liom do phóg na’n bhróg tá da cathadh le bliadhain.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Other names
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Nellie Bheag (local name)
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal