School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 388

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 388

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 388
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear darbh ainm Niall Ó Maonaidh ina chomhnuidh i mbaile Mhín na bPoll fa thuairim dhá fhicead bliadhain ó shoin. Domhnach amhain nuair a bhí an mhuinntear eile den teaglach ag an Aifreann chuaidh Niall fan chnoc le h-amharc fa chaoraigh.
    Nuair a phill sé 'un tighe fuair sé madadh ruadh sa teach roimhe. Bhí an fhuinneog fosgailte. Nuair a chuaidh Niall isteach dhruid sé an doras, agus annsin rith sé leis an fhuinneoig a dhruid.
    Bhí péire úr brístí leis ar chúl cathaoire, agus thug an madadh ruadh leis ina bhéal iad, agus chaith sé isteach sa teinidh iad. Nuair a chonnaic Niall seo d’fhág sé an fhuinneog agus rith sé leis na brístí a shábhail. Ansin léim an madadh ruadh amach ar an fhuinneoig, agus bhain chuige.
    Deir na sean daoine gurbh iad na madaidh ruaidh a bhí ag na Lochlannaí mar mhadaidh. Dubhairt ceannphoirt de chuid na Lochlannach tar éis chath Chluain Tairbh “Dhíbir muinntear na hÉireann muid féin amach as Éirinn, ach ní bhéidh siad ábalta ár gcuid madaidh a dhíbirt.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0067**: Fox Caught by Butcher
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Pádraic Ó Gallachobhair
    Gender
    Male
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal