School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 406

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 406

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 406
  3. XML “Seanchas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an ceol ar fheabhas ag an tSagart O’Bhaoighill, agus thigeadh leis seinim go han mhaith ar an fhideil. Bhí deirbhshiuir aige a rabh spéis mhór aicí i gceol agus i ndamhsa. Ba mhinic a bhíodh an sagart ag seinim ar an fhideil agus ise ag damhsa.
    Lá amháin ghléas an sagart é féin suas mar fhear a bhéadh ag cruinniú bratog agus olna. Bhí lucht bratog an choneanta san am. Shiúbhail sé isteach chuig na deirbhshiúir. Shíl sise gur fear bratog a bhí ann aríribh. San am sin shuidheadh an fear siúbhail in gach teach le na sgithste a dheánadh, agus bíodh fáilte roimhe mar bhíodh gach uile [chir]? Nuaidheachta agus tuairisce aige fa chúrsaí an tsaoghail. Bhí an sagart binn bhriathrach cinnte, agus neart nuaidheachta agus sgéalaidheachta aige.
    Bhí an fhiodal crochta os cionn na teineadh. Thug sé anuas í agus thoisigh sé ar an t-seinim, agus ní rabh moill go rabh an deirbhshiúir ag damhsa. Dhamhsuigh sí cúrsa indiaidh an chúrsa eile, agus “fear na mbratog” ag seinim dithe.
    Nuair a bhí sí tuirseach ag damhsa thug sí anuas mála bréagh olna a bhí shuas ar lafta, agus thug sí do fhear na mbratog é. Dimthigh an sagart amach agus an mála leis, agus chuaidh sé amach na dúthcha. Chaith sé de éideadh fhir na nbratog, agus chuir air eideadh an tsagairt.
    Ar ball thainic sé isteach agus mála na holna leis.
    “Sin chugat do cuid olna” ar seisean le na deirbhshiúir - “agus go rabh maith agat”.
    Cualaidh mé an sgéal seo ag Padraic O’Gallachobhair, Leac Chonail, Árdaratha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
      2. belief (~391)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Pádraic Ó Gallachobhair
    Gender
    Male
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal