Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ta moran aiteacha thart in ar ghtathach leis an tsagart OBaoighill Aifreann a léigheamh.
Bhí iomlán tholamh an Mhachaire ag na Baoigheallaigh ina an tsean am. Bhí siad an saidhbhir agus bhí na cnuic thart geal le caoirigh acu. Bhí eallach go leor agus beithigh chapaill acu fosta. Tá sean sgéal ag na daoine a deir gur leig fear de na Baoigheallaigh amach seacht ngamhna bliadhna lá amháin. Bhí na gamhna ag meagar thart fríd an bhaile, agus dimthigh siad amach an tráigh bealach bhéal na n-úmhach. Lá foghmhair a bhí ann. agus bhí na fir ag obair leis an fhéar ina na míodain. Bhí an lán mara amuigh, agus chuaidh na gamhna isteach i gcionn de na h-uaigeacha agus luigh siad annsin. Thainic an lán mára isteach orthu agus báitheadh iad. Bhí na fir da gcuartu trathnóna, ach nuair a fuair siad iad bhí na gamhna bochta báidthe.- Bailitheoir
- Pádraic Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Machaire, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Aoidh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Machaire, Co. Donegal