Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an Gobann Saor agus a mhac na gcomhnuidh le chéile. Bhí an Gobán é féin ag éirgh aosta, agus mheas sé go rabh an bás ag teannadh leis, ach sul a bhfuigheadh sé bás ba mhaith leis an mac a fheiceil pósta ar mhnaoi óig chliste chríonna. Fear eolach feasúil ab é an Gobann, ach ní rabh an mac ar an bhunadh a ba ghaiste. Lá amháin labhair an Gobann leis an fhear óg, agus arsa seisean -
“Nach measann tú a mhic, go bhfuil tú in aois do phósta agus go mb’fheárr duit bean mhaith chríonna a bheith agat feasta?”
“Creidim go bhfuil an fhírinne agat, a athair,” ars an mac, “ach is deacair bean mhaith a phiocadh. Deir siad go bhfuil na mná mealltach, agus nach bhfuil siad ion-taobhthach.”
“Is dóiche liom gur fíor do chuid cainnte, a mhic,” arsa an sean-Ghobann, agus ní rabh de ach sin an iarraidh sin. Beagan laethe na dhiaidh sin, bhí aonach ins an chomhursanacht agus diarr an Gobann ar an mhac leath-sgór molt a bhí acu a thabhairt un aonaigh.
“Caidé'n luach atá in a n-éadan agat?” arsa an mac.
“Seo mar bhéas an sgéal fa ghraithe na molt,” arsa an sean Ghobann, “Ná téidh i gcionn margaidh le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Nellie Bheag Bean Mhic Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall