Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Amhrán - Seán Bharr an Ghleanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Amhran a fuair mé ó bhéal Eibhlín Bean MhícChonaill, (Nellie Bheag)
    “Seán Bharr a Ghleanna”, a thug sí mar ainm air.
    I
    Ag éirigh damhsa ar maidin, chualaidh mé’n uam da casadh
    Grian an tsamhraidh ‘lasadh blath binn na n-éan
    Ní shinfead taobh ar leabaidh ó neóin arís go headradh
    Cuir siúcra ar uisge bheatha ‘gus mo mhuirnín da ól.
    II
    Thóg mé suas an leanbh, suas go tigh an leanna,
    Gur shín mise ar an leabaidh í ‘sgur labhair mé léi i gcéill
    Stad do do chúrsaí feasta a Sheáin Bharr a’ Ghleanna
    ‘S iomaidh cailín deas a mheall tú le linn do shaoghail.
    III
    Rachfaidh mé go Gaillimh ag éisteacht leis na seanaibh
    ‘Náit a bhfuil mná óga farsaing, tigh high colour orthu ‘s scéimh
    Ní phillfidh mé na bhaile go n-goirfid cuach an earraigh
    Béidh fear eile ag Fanny i ngleann dithe féin.
    IV
    ‘Nois atá mé follamh, ‘gus gan dhá phighinn agam le cathadh
    Mo chupla gamhain breac ‘gus mo chú le mo thaobh
    Béidh mé féin ar maidin ag creamhair na ngob fada
    Go dtigidh crúbaí ar an choll agus blath ar an éidhean.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Ainmneacha eile
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Neillie Bheag (ainm áitiúil)
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall