Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 384

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 384

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 384
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann am amháin agus bhí seachtmhar nighneach aige. Fuair siad uilig pósta ach bean amháin agus bhí an bhean seo an fhallsa. Thainic fear lá amháin agus diarr sé an cailín seo le pósadh. Dubhairt a h-athair nach rabh aon mhaith inntí do, no go rabh sí ro fhallsa agus nach ndeánfadh sí rud ar bith.
    Dubhairt an fear leis an athair a tabhairt do agus rud ar bith a d’iarrfadh sé oirthi a dheánadh, agus nach ndeánfadh sí go sgaoilfeadh sé í as béal gunna. D’aontuigh an t-athair, agus thug an fear an cailín leis go dtí a bhaile féin. Bhí gearrán leis an fhear agus dhá chú agus gunna.
    Chuaigh an fear a mharcuigheacht ar an ghearran agus chuaidh an cailín suas ar a chúlaibh. Nuair a bhí siad tamall beag ag siúbhal an bhealaigh chonnaic siad coinín ar thaobh amháin den bhealach mhór. Lean ceann den dá chú an coinín. Sgairt an fear ar an chú a theacht arais ach ní tháinig sé. Tamall beag ina dhiaidh sin thainic an cú arais. Sgaoil an fear urchar as an ghunna leis an chú agus mharbh sé é.
    Tamall beag ina dhiaidh sin chonnaic an cú eile coinín, agus d’imthigh sé sa tóir air. Sgairt an fear ar an chú pilleadh arais, ach ní thainic. Tamall beag na dhiaidh sin thainic an cú arais agus sgaoil an fear urchar leis an chú agus mharbh sé é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0901: Taming of the Shrew
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Baoighill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall