Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 408

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 408

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 408
  3. XML “Seanchas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. D’fhiafruigh Proinsias Ó’Gallachobhair damh lá amháin an rabh fhios agam go rabh Éireannach ag [cuidai]? ar Slánuightheoir a chéasadh. Níor chualaidh mé an sgéal roimh an ama sin.
    “Bhí tuitim amach eadar na fianna”, ar seisean, “agus dimthigh cuid acu as an tír agus listeil siad i dtíortha eile - moran acu in arm na róimhe. Bhí cumhacht na Roimhe go tréamanta ar fud an domhain san am.
    “Bhí fear acu seo darbh ainim Conall Ceárnach. Bhí sé an tugtha do ghreann agus do spórt, agus go spéisealta bhí sé binn briathrach agus na sgéalaidh chliste. D’imthigh sé thar sáile.
    “Tar éis a béith ar shiúbhal seal bliadhantach thainic sé abhaile arais. In án an fhir ghleoirigh challanaigh a dimthigh bhí fear gruama tostach a chaitheadh moran do am ag smaoituí agus ag neamhrúghadh.
    “Bhí íontas ar a cháirde fa athru a thainic air. Lá amháin d’fhiafruigh seanduine de caide a ba chionntaigh leis an athrú shonnruightheach a thainic air o dimthigh sé, gur ghrathach leis a bheith na dhuine ghreannmhar bhriathrach, ach ó phill sé nach rabh focal aige do dhuine ar bith.
    “Ba é an freagar a thug Conall.
    “Da bh’feicfeadh sibhse an t-amharc a chonnaic mise ar shliabh Chealbhaire ní bhéadh moran cainnte agaibh ach oiread”. Annsin d’innis sé fan chéasadh agus fan dorchadas a thainic na dhiaidh - fa na mairbh ag éirigh as
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Baoighill
    Ainmneacha eile
    Éamonn Ó Baoighill
    Neddy Thorlaigh (ainm áitiúil)
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Machaire, Co. Dhún na nGall