Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 407

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 407

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 407
  3. XML “Seanchas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i Leac Chonaill darbh ainim Proinsias Mór O’Gallachobhair. Fuair sé bás fa Shamhain 1924. Bhí sé an mhaith ag snámh. Bhí fear eile na chomhnuidh i mBaile na Gaoithe i bpoinnte Luachrais, ar an taobh eile den chuan darbh ainim Domhnall Ó’Gallachobhair - “den Phaidí Ruaidh” - agus bhí sé na shnámhaidh chliste fosta.
    Lá amháin shocair an bheirt go mbéadh fiachailt acu le fághail amach ce a b’fhearr mar shnámhaidh. Bhí an rása ó oilean Machaire go Méadail. Bhí Proinsias i dtoiseach agus cuma air go mbéadh sé in innimh snámh giota maith eile.
    “Bhfuil do sháith agat anois?” arsa Proinsias. “Siubhail leat annseo”, arsa Domhnall, “Rachamuid go Ros beag!”.
    “Rachaidh tú go h-ifreann” arsa Proinsias, ach ma theidheann níl mise dul do leanstan”.
    Phill Proinsias annsin, agus bhí den sásta go leor pilleadh fosta, no bhí sé radh na dhiaidh sin go rabh sé chomhair a bheith sáruighthe amach, “ach” ar seisean smaoitigh mé go sgannrochainn Proinsias nuair a diarrfainn ar a theacht go Ros Beag”.
    Tá an bheirt marbh le deic no da dhéag de bhliadhanta. Go ndeánaidh Dia trocaire orthu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Grianna
    Inscne
    Fireann