Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 378

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 378

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 378
  3. XML “Seanscéal Gaeilge - An Chéad Mhíorúilt a Rinne Colm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí Colmcille ina ghasúr bhí sé ina chomhnuidh ag uncal da chuid. Bhíodh Colmcille ag léigheadh leabharthaí go minic nuair a b'fheárr leis an uncal é a bheith ag cuideadh leis féin ag obair ins na cuibhrinn.
    Lá amháin bhí an t-uncal ag cur choirce. Nuair a thainic sé isteach chuig na dhínnear diarr sé ar Cholmcille dhul amach agus na préachain a choinneil ar shiúbhal ón choirce. a bhí craithte go bhfuigheadh sé a fhóirseadh. Chuaigh Colmcille amach mar h-iarradh air, ach ní rabh sé i bhfad amuigh go dtainic sé isteach arais.
    “Cé atá ag coimhead na bpréachan?” ars an t-uncal.
    “Tá na préachain druidte istigh sa sgiobal,” arsa Colmcille.
    Thug an t-uncal rúide amach agus fearg air, mar mheas sé gur ag magadh air a bhí Colmcille. D’fhosgail sé doras an sgobail, agus leis an síothadh a bhí leis na préachain ag teacht amach thóg siad é leo síos leath an chuibhrinn.
    Thainic sé arais ansin agus dubhairt sé le Colmcille iad a chur isteach ar ais.
    “Cuir féin isteach iad anois,” arsa Colmcille. “Nuair a bhí siad istigh agamsa, lig tusa amach iad.”
    Deir na sean daoine gurbh é sin an chead mhiorbhailte a rinn Colmcille.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Crochur Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Domhnall Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Bearnas Uachtarach, Co. Dhún na nGall