Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 426

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 426

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 426
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá loch shuas i meaog na sliabh, fa thrí mhíle de theach sgoile Leac Chonaill ar a dtugtar Dór loch (Dobhar loch). Deir na sean daoine gur ghrathach le beathach mór állta a bheith sa loch seo ‘sa tsean am. Dobharchú a bhí mar ainaim ar an bheathach mhór seo. Bhí adhare mhór ag fás amach as a shróm.
    Bhí fear am amhain ag buachailleacht caorach comhgarach den loch. Thoisigh sé ag sgaoileadh méarog isteach sa loch. Fa dheireadh chonnaic sé an beathach mór ag teacht amach as an uisge ag ag teacht ins an tóir air.
    Theith an fear, ach bhí an beathach ag teacht ní ba chomgaraigh dó. Bhí cóta ar an fhear agus chaith sé an cóta de agus d’fhág sé ar charraic é. nuair a thainic an dobharchú go dtí an charraic, shíl sé gurbh é an fear a bhí ann. bhuail sé an adharc in éadan na carraice agus bhris sé í.
    Phill sé arais go dtí an loch annsin, agus ní fhacas ariamh ó shoin é. Is doiche go bfuair sé bás.
    Tógadh an sgeal beag seo as coip leabhar Mháirin Nic Grianra, agus fuair sise é ó na sean aintín - Eiblin Bean Nic Chonaill atá na comhnuidh i Leac Chonaill, agus atá fa thuairim 78 bliadna de aois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Nic Grianna
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Aois
    78
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall