Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanamhrán Gaeilge

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 336

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Seanamhrán Gaeilge

Brón ar an Bhéarla

Sean amhran gaedhilge.
I
Brón ar an Bhéarla
Is truagh bocht mo gléas leis.
Ní rabh agamsa ariamh
Ach “Yes” agus “No”
II
Casadh damh ‘n Mhaighdean
A’s dubhairt sí “Be easy”
“I beg you don’t tease me
But let me alone”.
III
‘Sé thuig mé ‘s mo réasún
Gurb é chan sí sa bhéarla
“Druid thusa anall liom
Agus tabhair díom póg!”
IV
Dhruid mise anonn leithe
‘S níor spárail mé ‘h-éadan
Bhí cúig phunnta dhéag
Ins an cháin a rinn Eóin.
V
D’árduigh siad leobhtha
Go lathair a bhéil mé
“Hang him the rogue!”
A deireadh gach aon.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Caitlín Ní Chuinneagáin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Máire Ní Dhomhnaill, ainm áitiúil Máire Phaidí Shéimín
Gaol
duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
Inscne
baineann
Aois
73
Seoladh
Leirgín an Chartha, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge