Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 451

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 451

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 451
  3. XML “Mar Fuair an Gobán Saor Bean dá Mhac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ceannochair ar bith ach cailín óg, agus bíodh na muilt agus a luach na bhaile leat.”
    “Mas mar sin a bheas,” ars an mac, “tá eagla orm go mbéidh na muilt abhaile liom, ach gan aon luach.”
    “Ná bac le sin,” arsa an fear aosta. “Deán mar iarraim ort.”
    Thiomain an fear óg na muilt un aonaigh. Is iomaidh ceannochair a thainic thart ag cur tuairisg na molt, ach nuair a d’innsigheadh mac an Ghobainn fa na coinghilleacha a bhain le díol na molt d’imthigheadh siad agus iad ag gáireadh, agus ag magadh fa'n amadan a bhí da ndíol - mar shíl siad, agus leoga bhí an fear óg é féin imnigheach go leór fa na graithe a bhí eadir lámha aige.
    Fa dheireadh shiar thall, árd trathnóna thainic cailín óg thart. D’fhiafruigh sí an rabh na muilt fa choinne díl, agus d’innis an fear óg dí fa na geasa a cuireadh air – na muilt agus a luach a bheith chun na bhaile leis. chuig na athair.
    D’imthigh an cailín, ach ní rabh i bhfad gur phill sí agus beirt bhuachall aimsire leithe, agus deimheas in a lámha ag gach fear acu, agus diarr sí orthu toiseacht agus na muilt a lomadh – an rud a rinn in am ghoirid. Annsin fuair sí an olann meádhéaite agus thug sí luach na holna do mhac an Ghobainn. Thiomainn sé na muilt abhaile annsin, agus bhí na muilt agus a luach abhaile leis chuig na athair.
    “Sin adhbhar maith mná!” ars an sean Ghobann, tar éis an sgéal a chluinstean on fhear óg. “An fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Nellie Bheag Bean Mhic Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    78
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall