Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)óg a phósfad í ní bhéadh sé meallta gan bean mhaith a bhéith aige.”
Ach níor thug an mac baramhail ar bith don chainnt sin. Cupla lá ina dhiaidh sin d’iarr an Gobann ar a mhac cuireadh a thabhairt don chailín a theacht 'un tighe go bhfeiceadh seisean í, agus go mbéadh tamall cainte aige léithe. Bhí cailín eile a rabh spéis ag an fhear óg innti agus smaoitigh sé go dtabhairfeadh sé an cailín seo fhad leis an athair, agus nach mbéadh fios an dithbhir aigesean. Rinn sé amhlaidh. Thainic an cailín un toighe. D’fhailtigh an Gobann roimpí, agus chaith siad tamall ag comhradh. Fa dheireadh, thaisbein sé péire de shean bhrístí dithe, agus iad stróctha agus pollta thall agus i bhfus agus d’fhiafruigh dithe an gcuirfeadh sí deis orthu. Thug an cailín leath scathadh de amharc orthu, agus ar sise,
“Ní fiú deis a chur ar na sean bhrístí sin. Cheannochainn péire úr sul a mbéinn ag cur mo chuid ama amugha ag cur deise ar na sean bhratogaí sin.”“Á, bhal, ná bac leo. Fág annsin iad,” ars an Gobán.
Rinn siad tamall eile cainte agus d’imthigh an cailín.
“Cad chuige nach dtug tú an cailín annsorm a lom na muilt?” arsa an Gobann.
“Bhéirfidh mé í annsort amárach,” ars an mac. Bhí cailín eile a rabh spéis ag an fhear óg innti fosta, agus thug sé cuireadh dithese a theacht lá thar na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Nellie Bheag Bean Mhic Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall