School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ceannochair ar bith ach cailín óg, agus bíodh na muilt agus a luach na bhaile leat.”
“Mas mar sin a bheas,” ars an mac, “tá eagla orm go mbéidh na muilt abhaile liom, ach gan aon luach.”
“Ná bac le sin,” arsa an fear aosta. “Deán mar iarraim ort.”
Thiomain an fear óg na muilt un aonaigh. Is iomaidh ceannochair a thainic thart ag cur tuairisg na molt, ach nuair a d’innsigheadh mac an Ghobainn fa na coinghilleacha a bhain le díol na molt d’imthigheadh siad agus iad ag gáireadh, agus ag magadh fa'n amadan a bhí da ndíol - mar shíl siad, agus leoga bhí an fear óg é féin imnigheach go leór fa na graithe a bhí eadir lámha aige. Fa dheireadh shiar thall, árd trathnóna thainic cailín óg thart. D’fhiafruigh sí an rabh na muilt fa choinne díl, agus d’innis an fear óg dí fa na geasa a cuireadh air – na muilt agus a luach a bheith chun na bhaile leis. chuig na athair. D’imthigh an cailín, ach ní rabh i bhfad gur phill sí agus beirt bhuachall aimsire leithe, agus deimheas in a lámha ag gach fear acu, agus diarr sí orthu toiseacht agus na muilt a lomadh – an rud a rinn in am ghoirid. Annsin fuair sí an olann meádhéaite agus thug sí luach na holna do mhac an Ghobainn. Thiomainn sé na muilt abhaile annsin, agus bhí na muilt agus a luach abhaile leis chuig na athair.
“Sin adhbhar maith mná!” ars an sean Ghobann, tar éis an sgéal a chluinstean on fhear óg. “An fear(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Nellie Bheag Bean Mhic Chonaill
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal