School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 400

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 400

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 400
  3. XML “Seanchas - Baoigheallaí an Mhachaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an tsean am ba iad Baoigheallaí an Mhachaire an dream daoine a ba saidhbhire ages a ba tréamanta da rash ins an chomhursanacht seo. Bhí sean focal i measg na ndaoine nuair a bhíodh siad ag tracht ar chruinniú mór daoine a bhíodh in áit ar bith. Deireadh siad go rabh "Mór uaisle na tíre agus Baoigheallaí an machaire ann."
    San am a bhfuil an sgéal seo ag tracht air, bhí mac ag an Bhaoigheallach, agus bhí sé na bhuachaill bhréagh fheiceallach. Bhí gearran rása aige fosta nach bhfeicfhea a leitheid ar aonach. Thainic lá aonaigh na Machaire Móire, agus chuaidh mac an Bhaoigheallaí un aonaigh leis an ghearran rása. Diarr an tathair air an gearran a dhíol, ach ní rabh an fear óg toilteanach seo a dheánadh.
    Bhí ministeir i nDún na ngall a rabbi nighean aige, agus ba doigheamhail gnaoidheamhail an cailín í. Chonnaic sí an Baoigheallach óg ar aonach na Machaire Móire. Chuir sí spéis ins an ghearran a bhí leis, agus chuir sí cheist air an ndíolfadh sé an gearran. Dubhairt sé go ndíolfadh da bhfuigheadh sé a sháith luach air.
    "Caidé an lunch atá tú iarraidh?" ar sise.
    Diarr an Baoigheallach fa thuairim a dhá oiread agus a b'fhiú an gearran, ach goide an t-íontas a bhí air nuair a dubhairt sí go dtabhairfeadh sí sin dó.
    Annsin dubhairt an Baoigheallach leithe nar mhaith leis an gearran a dhíol ar luach ar bith, agus ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Chonaill
    Other names
    Eibhlín Bean Uí Chonaill
    Nellie Bheag
    Gender
    Female
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal