School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 427

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 427

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 427
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear darbh ainm Tailligh Chathair ina chomhnuidh i bparoiste Chill Mhic Chréanain ins an tsean am. Ní rabh sa teach ach é féin agus a mhathair, agus bhí siad bocht. Ní rabh acu ach sean bhó amháin, agus ghlac an bhó galair inteacht agus fuair sí bás. Bhí gleann comhgarach den teach agus beanna ar a dtugtaí na Beanna Buidhe. Bhí iomradh ar an áit go rabh sí uasal.
    Lá amhain tamall i ndiaidh an bhó bás a fhághail, bhí mathair Thailligh shíos an gleann. Bhí moran de thomacha droighin ag fás fá bhun na mbeann. Chonnaic sí an bhó ag inigilt istigh fríd na dtomach, agus chonnaiceas dithe go rabh sí an chosamhail leis an bhó a fuair bás. Sgairt sí léithe mar ba ghrathach leithe dheánadh le na bó féin. Thóg an bhó a ceann agus damharc uirthi go truacanta, agus le sin thóg sí a ruball ar a droim a's ar shiubhail leithe le rúide go dteachaidh sí as amharc isteach sa bheinn.
    Phill an tseanb hean ar an bhaile, agus dinnis sí do Thailligh fa caide a chonnaic sí. Ar maidin lá thar na mhárach thug Tailligh leis spád, sluasaid agus piocaid agus cruaidh iarainn, agus síos leis na ghleanna. Thoisigh sé ag strócadh agus ag tochailt ag an áit a dteachaidh an bhó isteach sa bheinn. Ar ball chualaidh sé truisneach bheag ar a chúl agus nuair a damharc sé thart, chonnaic sé an t-óganach beag ba shaothmhaile da bhfaca sé ariamh le clóca glas ar a shlinnein, agus bearad beag dearg ar a chionn.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Nic Grianna
    Gender
    Female
    Informant
    Donall Mac Grianna
    Gender
    Male
    Address
    An Bearnas Uachtarach, Co. Donegal