School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)VI
Gheall tú cúirt a chur i lár mo dhúithche
‘S níor chuir tú rómham ann ach boitheach bó.
Mo chos da rúscladh ar mhaidí lústair
Ag sníomh an túirne gan an snáithe bróg.
VII
‘S buadhartha bhéadh bean acu indiaidh a páiste
Da bhfúigheadh sé bás uaithe i gcionn a mhí
A h-óig-fhear tapaidh bhí lúthmhar láidir
A chuaidh thar sáile ‘s nach bpilleann choidhche.
VIII
Tá súil agam féin as righ na páirte
‘S tusa a bhainríoghain nar fheall ariamh
Go dtiocfaidh sé na bhaile chugam fa chionn ráithche
‘S mbíonn mo gradh-sa aige ar mhnaoi ‘mo dhiaidh
IX
Lean a maithrín go géar sa ród í
‘S gan fiú na mbróg uirthi, ach gruag le gaoith
Bhí ór agus airgead ar thóin a póca
Go tigh an óil gur tharla sí.
X
Fuair sí sgéala go rabh sí pósta
ar bhuachaill ro dheas da rabh san áit
bheirim an iarrach den t-sean ‘s den óige acu
S arais go fóchaird cha dtéidhim a coidhche.
Tógadh an dán seo- “Maidin Fhoghmhair” -as coip-leabhar Mháirín Nic Grianna, paisde ins an 7adh Rang agus fuair sise é ó Nellie Bheag Bean Uí Chonaill, as Leac Chonaill, Árdaratha.- Collector
- Máirín Nic Grianna
- Gender
- Female
- Informant
- Nellie Bean Mhic Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal