Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 349

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 349

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 349
  3. XML “Seanamhrán Gaeilge - Maidin Fhómhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    VI
    Gheall tú cúirt a chur i lár mo dhúithche
    ‘S níor chuir tú rómham ann ach boitheach bó.
    Mo chos da rúscladh ar mhaidí lústair
    Ag sníomh an túirne gan an snáithe bróg.
    VII
    ‘S buadhartha bhéadh bean acu indiaidh a páiste
    Da bhfúigheadh sé bás uaithe i gcionn a mhí
    A h-óig-fhear tapaidh bhí lúthmhar láidir
    A chuaidh thar sáile ‘s nach bpilleann choidhche.
    VIII
    Tá súil agam féin as righ na páirte
    ‘S tusa a bhainríoghain nar fheall ariamh
    Go dtiocfaidh sé na bhaile chugam fa chionn ráithche
    ‘S mbíonn mo gradh-sa aige ar mhnaoi ‘mo dhiaidh
    IX
    Lean a maithrín go géar sa ród í
    ‘S gan fiú na mbróg uirthi, ach gruag le gaoith
    Bhí ór agus airgead ar thóin a póca
    Go tigh an óil gur tharla sí.
    X
    Fuair sí sgéala go rabh sí pósta
    ar bhuachaill ro dheas da rabh san áit
    bheirim an iarrach den t-sean ‘s den óige acu
    S arais go fóchaird cha dtéidhim a coidhche.
    Tógadh an dán seo- “Maidin Fhoghmhair” -as coip-leabhar Mháirín Nic Grianna, paisde ins an 7adh Rang agus fuair sise é ó Nellie Bheag Bean Uí Chonaill, as Leac Chonaill, Árdaratha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Nic Grianna
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nellie Bean Mhic Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall