School: An Cheathrú Mhór

Location:
Carrowmore, Co. Mayo
Teacher:
P. Ó Glacáin

Filter stories

Back
/ 153 Forward
Resolution: Low | High
Máirtín Mac Aindriu

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0141, Page 71

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear i mBéal Derg am amháin darbh ainm Mairtín Mac Aindirú. Bhí sé i ndon dul suas agus síos ar aon aill sa tír agus ar crann ar bith. Is iomdha uair a robáil sé nead iolair agus thug na cinn óga leis. Nuair a thuiteadh caora den aill beireadh sé aníos ar a dhruim é ar sgilling nó sé pingne.

Bhí sé ag tabhart aníos caorach lá amhain agus sgior a chos. Bhí sé ag tuiteam dá chéad troigh dhon a bhás nuair a tháinig a chos in aghaidh bháirnigh. Shabháil sin é.
Nuair a tháinig sé arais agus an caora leis, dubhairt na daoine, "Nach é Dia a sabhál thú, a Mháirtín."

Mícheal Ó Loinn, Ceapach

(continues on next page)
Collector
Áine Ni Ghiolla Riogh
Gender
female
Informant
Mícheál Ó Loinn
Gender
male
Age
50
Occupation
feirmeoir
Address
Cappagh, Co. Mayo
Language
Irish