Bhí fear i mBéal Derg am amháin darbh ainm Mairtín Mac Aindirú. Bhí sé i ndon dul suas agus síos ar aon aill sa tír agus ar crann ar bith. Is iomdha uair a robáil sé nead iolair agus thug na cinn óga leis. Nuair a thuiteadh caora den aill beireadh sé aníos ar a dhruim é ar sgilling nó sé pingne. Bhí sé ag tabhart aníos caorach lá amhain agus sgior a chos. Bhí sé ag tuiteam dá chéad troigh dhon a bhás nuair a tháinig a chos in aghaidh bháirnigh. Shabháil sin é. Nuair a tháinig sé arais agus an caora leis, dubhairt na daoine, "Nach é Dia a sabhál thú, a Mháirtín." Mícheal Ó Loinn, CeapachAn Dothra Bheag