Scoil: Cill na dTor, Dún Mánmhaí (uimhir rolla 16254)

Suíomh:
Cill na dTor, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0305, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0305, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill na dTor, Dún Mánmhaí
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Scéalta i dtaobh Taibhse nó Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche Geimhridh i ndeire Mí na Samhna iseadh a fuair Tadhg Dubh - duine de'm chomairsanaibh bás. Bhí sé fuar is fluach is bhí sé ana dhorcha ar fad. Bhí cúpla fear is cupla ban ar a nglúnaibh agus iad ag guidhe i seomra an bháis. Le linn agus é ag tarrach a anál déirneach d'airig na daoine a bhí ins an seomra fothram uaigneach, uathbhásach mar a bheadh duine éigin ag gol agus fothram mar a beadh a lán capall ag gabhail timcheall an tighe.
    Ní raibh corr ins an séomra agus bhí na fir is na mná ag féuchaint ar a céile agus sgannradh an domhain ortha. Sa deire d'eirig seana Brighid. Dein sí fíor na croise uirthí féin agus anonn léi go dtí an fhuinneóg. D'feach sí amach agus annsan bhagair sí ar a comraidí is cuadar anonn. Bhí solus ag gluaiseacht timcheall an mhacha agus stad sé ag doras tighe na gcapall. Taréis tamaill chonnacadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ard Ceachan, Co. Chorcaí