Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “Seanamhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanamhrán

    Ó oidhce 's lá a smaointim ar chuid sléibhte Dhún na nGall

    Sean amhran
    Oidhce ‘s lá a smaointim ar chuid sléibhte Dhuin-na-nGall.
    An fraoch ag fás go líonmhar ‘gus an téan ar bharr na mbeann. Sé ó thuaidh a bheinnse ag seóladh thar uisce.
    iongantach dhoimhin. Le feiceail arís na sléibhte atá í bfada uaim.
    Is cumhneach liom na gleanntaibh a ba deise ar gach taobh
    Is áirdain ghlasa fosta a bá deise ins an tír.
    Dá gcluinfea an chuach ag sgairtigh ‘gur na h-éanacha ar gach crann
    Is mé mó luighe ar chnoc an Mhorlaigh ‘g amharc anonn ar bhun-na-mbrann.
    Ó innsim doibh amharc eile a chaithfidh mé a scríob le peann
    Sé sin ó chnoch a Diaraige go hard os cionn an ghleann
    Is iomdha trathnóna samhraidh a shuidhe mé ar a bharr.
    ‘S bá dheas a damharc an Mhuchais fhad soir os cionn Ghaothobhair.
    Ó innsin doibh amharc eile is briseann sé mó chroidhe
    Sé sin o chnoch a Diaraighe ‘g amharc amac ar Innis Fraoch
    Ó sin go huaidh is Arainn mór is badaí dul faoi sheol.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)