Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 205

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 205
  3. XML “Pisreógaibh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pisreógaibh
    1. Ag stapadh clog nuair atá duine marbh no deirtear nach mbéidh suaimhneas ag an te atá marbh fhad agus tá an clog ag bualadh.
    2. Ma tá aicid ar duine imthigheann na daoine atá ins an teach sin agus cuireann siad im faoi talamh duine eile, no sileann siad go dtiocfaidh an aicid ar an nduine a gheobhas é agus go n-imtheochaidh sé o’n duine ar a rabh sé.
    3. Ma tá duine ag bualadh bainne i dteach agus duine eile a theacht isteach caithfidh an duine a thiocfhas isteach greim a fhághail ar an Loinnidh agus cuid a bhualadh, nó muna bhuailfidh deirtear nach mbéidh im ar bith ar an bainne sin.
    4. Ma chastar snag breac ort ar an mbothar, deirtear go mbéidh [mi-adh]? ort an lá sin.
    5. Cuirreann daoine eile salainn ar bainne nuair atá siad a thabhairt do dhaoine eile no deirtear muna gcuirfidh siad salainn ar nach mbéidh abalta buidéal eile bainne a thabhairt do’n duine sin.
    6. Cuireann daoine eile uibheacha faoi’n talamh le míadh a chuir ar an duine a gheobhas iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)