Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 455

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 455

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 455
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dhéanfadh siad arán preataí fosta le h-ithe. Bheirfeadh siad leobhtha preataí bruidthe agus chuirfeadh siad isteach i meas iad agus bruithigh siad iad. Chuirfeadh siad uisge bog isteach fríd na preataí agus mheaschadh siad iad agus chuiread siad ar iarainn an arán é le deánamh réidh. Nuair a bhéadh an bainne gan aca d’ólfadh siad blathach le na gcuid preataí. Bhéad brathán aca fosta agus mar mbhéad bainne milis aca bhéad bladtach aca leis an bhrathán.
    Arán.
    I bfad o shoin ní rabh arán plúr - ar bith aca mar tá aca anois. Ní rabh aca acht arán mín-choirce agus arán preataí. Seo ma ghnídheadh siad án arán mhín-choirce. Cuirfeadh siad mín-coirce isteach i meas no sgala agus chuirfeadh siad uisge bog air. Annsin mheascaid siad thart é le spánog go mbhéad se meascaid go mait le cuir ar iarainn an aráin ar an teinidh le deanámh réidh. Seo ma ghídheadh siad arán preataí. Bhriseadh siad preataí glan isteach i meas agus chuirfead siad uisge bog ann agus mheascaid siad é le spánog. Nuair a bhéadh se meascaidh go mait chuirfeadh siad ar an iarrainn le breith. Annsin thógfaidh é agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siubhan Ní Chéarrain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cró na Sealg, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Meadhbha Ní Chéarrain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Leic na Leabhar, Co. Dhún na nGall