Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Och? Och? Smo bhrón go deo.
Buailighidh mé féin is na bháinighidh dé mo bhainríoghan
Och? Och? Smo bhrón go deo.
Buailfimid tú féin ‘s muirfimid do bháinríoghna
Och? Och? Smo bhrón go deo.
Bhuail siad cuig bhuille cuig mhíle cuig chéadhtha.
Och? Och? Smo bhrón go deo
Duine cliste a dhéanamh na Táirgní
Och? Och? Smo bhrón go deo.
Buailimid isteach in a chosa agus i n-a lámha iad
Och? Och? Smo bhrón go deo.
Thóg siad suas ar ghuailleacha árda é
Och? Och? Smo bhrón go deo
Chaith siad síos fa leacacha na sráide é
Och? Och? Smo bhrón go deo
D’iomchair siad leó é go roilig Naomh Pádraig é
Och? Och? Smo bhrón go deo. - Múiltin iarrain agus ruball olna air. Réidhteach. = Snáthaid mór agus snáithe olna inntí.
Ceathrar ar rit, ceathrar ar crith, beirt ag déanamh’n éolais agus an róibin ar deireadh.
Réidhteach. = Bó
Teachtaire beag o theach go teach agus codluigheann sé amuigh san oidhche. Réidhteach. = Casan coise.(leanann ar an chéad leathanach eile)