Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 492

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 492

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 492
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tóbar [beannuite] beannuigh ar an Dubhcharraidh ata ceiméal cruthughamhail. Do réir an seancas a fuair mé o na sean daoine nil sé í bfád ó tharlaidh séo uilig. Bhí bean na comhnuiudhe comhgarac do’n Dubhcorraidh agus bhí paiste aicí agus ba chuma caidé a dheanfadh sí leis ní rabh siad abaltá é a fhaghail leaghast no bhí an droch aicid air bhí sé briste amach ó bhún go barr a chorp agus an t-am sin ní rabh na doctuirí comh fairsingh agus tá anois. Lá amháin bhí sí ag imteacht agus an paisté leithe chuig doctúir éile agus gíota o’n chross-bhealach ar bhealac Ghleann Domhain tháinig fear béag ribeach ruadh romhpaí agus d’iarr orthaí an paiste a thabhairt leithe agus é á nighe lé uisge as an tobar agus go bfuigheadh an gasur biseach d’íarr sé orthai dochas a bheith aicí ann no go rabh sé beannuighthe. D’imthigh sí suas thóg an t-uisge agus choiméal dé choirp an leinibh agus dubhairt na paidreacha a d’iarr an fear uirthí chuaidh sí na bháile annsin agus i gcionn tamhaill fuair an paiste biseach.
    Seo sgéal éile fíor fa’n tobar seo.
    Bhí cailín as tharth fa’n Dubcharraidh ar fastach í gcondaé Thír Éoghain agus d’éirig sí bodhar agus ní rabh sí abalta a dhath a chluinstín chuir sí sgéal ag a mathair an turas a dheánamh duithe agus buidéal de’n uisghe a chuir aicí rinn a mathair an turas duithe agus chuir sí buidéal de’n uisge chuicí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seaghan Mach Cealbhaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Brocacha, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Brocacha, Co. Dhún na nGall