Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 412

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 412

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 412
  3. XML “Scéal - Seán Ó Cearrabhain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Am amháin bhí fear ann agus Seán Ó’Cearrabhain a bhí mar ainm air. Bhí capall aige ar an chnoc. Chuaidh sé amach maidín amháin shiocain agus fuair sé an beithidheach na luighe marbh agus carr air go dtí a dha chluais. Ma’s adhbár gáiridhe agatsa é ní adhbár gáiridhe [agaus]? é agus chuir an beithidheach acht bhain sé an croiceann an chead uair. Tug sé an croiceann go dtí an Gabha dubh agus rinne seisean claidhmhe de. Dhiól sé na claidhmhe agus cheannuigh sé trí clacha min bhuidhe. D’iarr sé annsin ar a mhnaoi, nuair a thainig sé abhaile, trí bannóg aráin a dheánamh na go rabh seisean ag imtheacht i mbárach. Thug sé leis na trí bannóg. Thainig sé go dtí’n Teámpall. Sul a dtainig sé bhí Ministirí óga ag iarraidh órd a chaitheamh thar an theámpall, acht ní rabh siad ábalta sin a dheánamh. Shíl Seán da dtéigheadh sé féin isteach go mbeadh sé féin ábalta an t-órd a chaitheamh thar an teámpall. Chuaidh sé isteach agus an cleas a theip artha-san. Annsin chuaidh an tóir ‘na dhiaidh agus b’eigin do dhul isteach i n-a faoi [brich]? Thainig carr amach án teampall agus bhí fear uasal agus a bhean ann. Thainig Seán amach as an [bhraich]? agus thuit an fear uasal agus a bhean ó’n char. Gairteadh an bhean agus chuaidh an tóir in a dhiaidh arais. Nuair a thainig sé fhad leis an [phur]?
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Cearrain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cró na Sealg, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Giolla Bhríghde
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall